Cookie Notice

This site does not use tracking cookies of any sort. It does store a Session Cookie. This is a security cookie and ensures that if the administrator of the site forgets to log out of the site, after 10 minutes of inactivity, the site will automatically time out. This cookie is automatically deleted at the end of the every session and contains no personal information. We do not use these cookies for any purpose other than as stated above. For further information please click here.

To reset your cookie permissions please click the reset link at the bottom of this page.


Get me out of here...

An Bord Banistíochta:

Feidhmíonn an Bord Bainistíochta thar cheann an phatrúin (an Foras Patrúnachta) agus de réir na rialacha atá leagtha síos ag an Roinn Oideachas & Scileanna. Feidhmíonn sé mar ‘chomhlacht Chorparáideach’. Ciallaíonn sé seo go bhfeidhmíonn an Bord mar aonad amháin agus iad ag deighleáil le gnó scoile.  Dá bhrí sin feidhmíonn na tuismitheoirí agus an múinteoir tofa go hiomlán neamhspleách ar an ghrúpa a thogh iad sa chéad áit.

Tá sé mar dhualgas ar bhaill an Bhoird seasamh agus tacú le sainmheoin, cultúir agus traidisiúin na scoile, eolas & tuiscint a bheith acu ar na freagrachtaí aonair agus na comhfhreagrachtaí a bhaineann le ballraíocht ar an Bhord,  ról/feidhm ar leith i mBainistíocht na scoile a ghlacadh orthu féin agus tuiscint a bheith acu ar feidhmeanna an Bhoird agus an gaol atá idir an Bord Bainistíochta, daltaí, múinteoirí, foireann, tuismitheoirí, an patrún agus an Roinn Oideachas & Eolaíochta.

 Níl an Bord Bainistíochta freagrach as páistí a thagann ar scoil roimh 09:10 nó a fhanann siar i ndiaidh 15:00.